Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi thubaiste bóthair a bhí i dtuaisceart Chorcaí inné inar maraíodh beirt bhan. Gortaíodh beirt leanbh sa tionóisc chomh maith.
Maraíodh an bheirt bhan nuair a bhuail dhá ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an N72 i Mala ag thart ar 3.50 tráthnóna inné.
Tiománaithe an dá ghluaisteán ab ea na mná a maraíodh.
B'in iad Susan O'Sullivan, 41 bliain d'aois, as Mala agus Mary Coughlan, 64 bliain, as Baile Mhistéala.
Mac agus iníon le Susan O'Sullivan is ea an bheirt leanbh a gortaíodh.
Cé gur bhain drochghortuithe do na leanaí, deirtear nach bhfuil a mbeatha i mbaol. Cúig bliana agus ocht mbliana atá an bheirt.
Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi thubaiste bóthair eile a bhí i gCo Phort Láirge inné inar maraíodh bean sna seascaidí. Gortaíodh triúr sa timpiste sin leis.
Maraíodh an bhean nuair a bhuail trí ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an N25 i Móin na mBian sna Déise ag thart ar 2.10 tráthnóna inné.
Gortaíodh go dona beirt a bhí i gceann den dá ghluaisteán eile ach deirtear nach bhfuil a mbeatha i mbaol.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ