Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Crith talún i Maenmar: iarratas ar chabhair idirnáisiúnta

31 MÁRTA 2025, 10:08

Cuid den damáiste a rinne an crith talún i gcathair Mandalay i lár Mhaenmar
X Facebook

Deir Cumann Idirnáisúnta na Croise Deirge go bhfuil $100 milliún ag teastáil mar thús agus gan mhoill le teacht i gcabhair ar dhaoine i Maenmar atá fágtha dealbh mar gheall ar an gcrith talún a tharla sa tír sin Dé hAoine seo caite.

Áirítear gur maraíodh na mílte duine agus gur leonadh uimhir dhomheasta de bharr an chreatha.

Dúirt saineolaithe sna Stáit Aonaithe ar an Aoine nach foláir nó gur maraíodh os cionn 10,000 duine i bhfianaise a láidre a bhí an crith.

Ar an Satharn, thug na húdaráis i Maenmar le fios gur thart ar 1,700 duine a maraíodh ach níl an uimhir sin nuashonraithe acu ó shin.

Dar le suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur méid sheismeach de 7.7 a bhí sa chrith talún a tharla deich gciliméadar faoi thalamh tuairim is sé chiliméadar déag ó thuaidh de chathair Sagaing in iarthuaisceart Mhaenamar.

Tharla iarchrith a raibh méid sheismeach de 6.7 ann cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar an réigiúin agus tonnta turrainge an chreatha á lonnadh amach óna lár. Leacaíodh foirgnimh, scoilteadh bóithre, agus thug droichid agus struchtúir eile uathu.

Soláthairtí fóirithinte réidh le seoladh ón Indinéis go Maenmar

Tá lucht tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhaoine a d'fhéadfadh a bheith ina mbeatha i gcónaí faoin smionagar ach táthar i ngéarchoimhlint leis an am agus leis an aimsir, arae tá an teocht chomh hard le 40 céim sa réigiún faoi láthair.

Eang eile sa roth is ea cadrántacht rialtas míleata Mhaenmar a bhfuil greim docht acu ar ghréasáin chumarsáide na tíre agus atá faichilleach ar chabhair ón taobh amuigh.

Chomh maith le Maenmar, ligeadh fíoch an chreatha amach ar an Téalainn, siúd is go raibh sé maolaithe roinnt faoin am a bhain sé an tír sin amach.

Tá sé deimhnithe ag na húdaráis sa Téalainn gur maraíodh ocht nduine dhéag ar a laghad sa phríomhchathair, Bangkok, gur gortaíodh na dosaein agus go bhfuil 78 duine ar iarraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ