Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Ciarraí seaimpíní na sraithe

30 MÁRTA 2025, 16:58

Ciarraí chun cinn ar Mhaigh eo ach na Connachtaigh ag teacht ar ais
X Facebook

B'iad an 2 chontae gaeltachta a bhí in aghaidh a chéile sa gCluiche Ceannais Sraithe Peile Allianz,Roinn 1 den chomórtas seo.

1-18 in aghaidh 1-12 a bhí ann ar deiridh i bhfábhar na gCiarraíoch i bPáirc an Chrócaigh.

Ba í tuairim na coitiantachta nach raibh an chéad leath thar mholadh beirte.

Paul Geaney ag ceiliúradh do Chiarraí i ndiaidh cúl a scóráil

Ach dúradh go raibh an-chluiche imeartha sa chéad 35' ag na deartháireacha Clifford do Chiarraí, go háirithe Paudi.

Ach ar díol iontais é sin a deir tú?

Sa dara leath bhí David Clifford ag cothú neart deacrachtaí mar is dual dó do chúlaithe Mhaigh Eo cé go raibh sé beagán ar strae ina chuid iarrachtaí scórála.

Go deimhin ní raibh sé aonraic ó thús an chluiche mar bhí seansanna caillte ag an dá thaobh.

Ba é Paudie Clifford a fuair gradam laoch an chluiche.

Ag tús an dara leatha bhí an-seans ag Ciarraí ar chúl eile a ghnóthú ach rinne cúlbáire Mhaigh Eo an-bheart sa chúl á stopadh.

Ansin fuair Eoin McLaughlin cúl do Mhaigh Eo agus tá an bhearna seo a bhí suntasach tráth á laghdú ag Maigh eo de réir a chéile.

Ní miste a rá áfach go raibh Ciarraí ag déanamh a ndóthain le fanacht chun cinn.

Is leosan Corn Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh anocht.

Agus é ag bronnadh an choirn ar chaptaein Chiarraí, Gavin White dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael,Jarlath Burns go raibh spiorad Uí Mhuircheartaigh le brath go láidir i gcónaí, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh.

'Ní bheidh a léithid arís ann' a dúirt Jarlath Burns sular shín sé an corn chuig iníon an Mhuircheartaigh le bronnadh ar Gavin White.