Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Villa v Palace i gceann de chluichí leathcheannais FA

30 MÁRTA 2025, 22:40

Villa ag ceiliúradh
X Facebook

Séamus Ó Scanláin

Aston Villa agus Crystal Palace a imreoidh a chéile i gceann de chluichí leathcheannais Chorn FA Shasana i mbliana.

Rinneadh an tarraingt níos túisce tráthnóna.

Fuair Villa ó chathair Birmingham an lámh in uachtar ar Preston North End 3-0 inniu.

Chloígh Crystal Palace Fulham inné leis an scór céanna,toradh nach raibh aon tsúil leis a déarfadh go leor.

Pep Guardiola,bainisteoir Man City

Sa gcluiche leathcheannais eile don 7ú bliain as a chéile,curiarracht, tá Manchester City.

Casfaidh siadsan ar Nottingham Forest i ndiaidh dóibh Bournemouth a chloí 2-1 inniu.

Imreofar an dá chluiche i Staid Wembley faoi cheann 4 seachtainí, an deireadh seachtaine deiridh de mhí Aibreán.

Tá Corn FA Shasana ar cheann de na comórtais sacair is iomráití ar domhan i gcónaí, cé go bhféadfaí argóint a dhéanamh nach bhfuil an stádas anois aige a bhíodh aige tráth.

I gcead de fhoirne atá sna sraitheanna ísle sa chluiche sacair gairmiúil i Sasana, tagann borradh faoi chomórtas an tséasúir i mí Eanáir.

Nottingham Forest a chloígh Brighton sa 6ú babhta

Is ag an tráth sin a fheictear foirne na príomhroinne agus an dara sraith i mbun iomaíochta, babhta 3 den chomórtas tráth a mbíonn 64 foireann fágtha.

Seans amháin a fhaigheann gach foireann, ag brath ar an tarraingt oscailte bíonn tú ag imirt sa bhaile nó i do chuairteoir ar pháirc an fhreasúra.

Béarlagair coitianta a luaitear leis an gcomórtas is ea 'marú an fhathaigh' nó an 'Giantkilling' nuair a bhuaileann foireann ar bheagán barúla ceann de na piardaí móra.

Páirc Hillsborough i Sheffield a chonaic cuid mhaith cluichí leathcheannais FA

Agus tá sé tarlaithe agus tarlóidh sé arís.

Eachtra mhór eile a shamhlófar leis an gcomórtas faraor is ea tubaiste 'Leppings Lane' i bPáirc Hillsborough i Sheffield i 1989.

Maraíodh 96 duine sa bhrú bocht a tharla ag tús an chluiche leathcheannais FA sin idir Nottingham Forest agus Liverpool.

Lá dobrónach do phobal Shasana, go speisialta muintir Learphoill.