Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Mná na hÉireann thar barr i Parma

30 MÁRTA 2025, 16:06

Anna McGann ag leagan na liathróide síos don úd
X Facebook

I gcluiche rugair Chomórtas na 6 Náisiún tráthnóna ní raibh mná na hIodáile in ann ar chor ar bith do fhoireann na hÉireann.

54-12 a bhí mná na hÉireann chun cinn ar deiridh agus iad as baile thall i gcathair Parma san Iodáil.

Tá pointe bónais slánaithe ag na hÉireannaigh freisin mar go bhfuil siad i ndiaidh 6 úd a scóráil.

Dannah O'Brien gan mhairg

Slánaíodh na húid ar fad seachas ceann amháin a bhuíochas do chumas ciceála Dannah O'Brien.