Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Uíbh Fhailí seaimpíní Roinn 3 i bPáirc an Chrócaigh

30 MÁRTA 2025, 15:32

Cormac Egan do Uibh Fhailí
X Facebook

Cill Dara agus Uíbh Fhailí a bhí ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Roinn 3 den tSraith Naisiúnta peile Allianz i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Chroch Uíbh Fhailí leo an lá ar deiridh i gcluiche a bhí thar a bheith teann agus spóirtiúil.

Bhí 4 chúilín farasbarr ag Uíbh Fhailí ag leath am ainneoin Cill Dara a bheith thar barr i lár na páirce sa chéad leath agus go deimhin cuid mhaith den dara leath go dtí seo.

Chothromaigh Cill Dara le cúl agus cúilín an cluiche ag tús an dara leatha, ach ansin chuaigh Uíbh Fhailí chun cinn arís.

Choinnigh siad cúrsa go maith ansin agus bhuaigh le 2 chúilín ar deiridh, 2-17 in aghaidh 1-18.

Inné bhuaigh Luimneach Roinn 4 den tsraith ag buachan ar Loch garman 3-11 go 0-18 agus bhuaigh Muineachán Roinn 2 ag bualadh Ros Comáin.

Is i bPáirc an Chrócaigh a bhí na cluichí ceannais ar fad an deireadh seachtaine seo.

Tá Ciarraí agus Maigh Eo in aghaidh a chéile faoi láthair sa bpríomh chluiche ceannais sraithe, Roinn 1.

An scór go dtí seo tar éis 30', Ciarraí 1-7 Maigh Eo 0-6.