Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dul chun cinn déanta sa WRC

30 MÁRTA 2025, 17:08

Dul chun cinn á dhéanamh sa WRC
X Facebook

Ní ghabhfar chun cinn anois leis an obair de réir rialach in ospidéil phoiblí an stáit amárach.

Sin a bhuíochas don socrú a dtángthas air sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

D'éirigh le bainistíocht Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (HSE) agus ceardchumainn na n-oibrithe leighis teacht ar chomhréiteach thar oíche.

Bernard Gloster,Príomhfheidhmeannach an HSE

'Bhí an idirbheartaíocht casta agus deacair' a deir Príomhfheidhmeannach an HSE,Bernard Gloster 'ach is iad an pobal anois na buaiteoirí i ndáiríre ó tá obair de réir rialach an lae amárach, seachanta'.

Ón lá amárach bhí sé beartaithe ag suas le 80,000 oibrí sna hospidéil feidhmiú de réir rialach.

Aighneas é seo a bhaineann leis an líon foirne atá sa tseirbhís faoi láthair agus ceardchumainn ag maíomh go dteastaíonn breis earcaíochta.

Mar chuid den socrú gealladh athbhreithniú a dhéanamh ar fholúntais sa tseirbhís sláinte phoiblí agus go gcuirfí dlús dá réir leis an bhfoireann leighis a mhéadú.

Ní ghabhfar chun cinn ach oiread Déardaoin seo chugainn, le stailc lae a bhí á beartú ag baill an INMO agus Fórsa in Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha.

Ard Rúnaí an INMO Phil Ní Sheaghdha

Deir Ard Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO),Phil Ní Sheaghdha go gcaithfidh na baill vóta a chaitheamh anois ar na moltaí seo atá tagtha chun cinn ón bplé sa WRC.

'Is faoi na baill ansin é glacadh nó diúltú do na moltaí' a deir sise.

Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte,Jennifer Carroll McNeill roimh an socrú.

'Cinnteoidh sé seo go leanfar le seirbhísí riachtanacha agus go mbeidh an t-othar slán dá réir' a dúirt sí.