Chríochnaigh Muineachán an cluiche ceannais sraithe seo go láidir agus bhí a shliocht sin orthu.
Ní raibh aon fhreagra ag Ros Comáin dóibh sna noiméid dheireanacha agus fágadh bearna de 10 gcúilín eatarthu ar deiridh i bPáirc an Chrócaigh.

Muineachán 1-26 Ros Comáin 00-19 an scór deiridh agus is le fir Uladh Corn Roinn a 2 na Sraithe Allianz i mbliana.
Féadfaidh siad a bheith buíoch don ionadaí,Jack McCarron a scóráil 1-02 agus captaein na fóirne,Michael Banningan a fuair an scór céanna.
D'éirigh le Muineachán freisin scóráil lasmuigh den stua 6 huaire ar fad a d'fhág 12 cúilín ar chlár na scór.
Fuair a gcúlbáire,Rory Beggan trí cinn de na scóranna sin.
Beidh scíth anois ag curaithe na Sraithe, Roinn a 2 nach n-imreoidh a gcéad chluiche craoibhe go dtí an 20 Aibreán.
Ní fearacht sin é do Ros Comáin, a chaithfidh taisteal an deireadh seachtaine seo chugainn do Londain dá gcéad chluiche craoibhe.