De réir thuairisc óna Náisiúin Aontaithe (UN), tá trúpaí de chuid Rialtas Maenmar ag leanacht orthu ina dtroid i gcoinne na reibiliúnaithe thall ansin.
Sin ainneoin an chreatha talún a bhuail an tír arú inné a bhfuil suas le 1,600 marbh dá bharr.
Deir rapporteur speisialta leis an UN,Tom Andrew gur thug aerfhórsa na tíre ruathar ar a laghad 3 huaire faoi réigiún Sagaing, áit a raibh croílár an chreatha seo.
D'iarr sé ar an Junta atá ag rialú na tíre leagan as na hionsaithe faoi láthair fad is atá obair cuardaigh agus tarrthála ar bun ag fóirne éagsúla.
Tá lucht tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhaoine fós ina mbeatha sa smionagar.
Tá cúnamh á fháil acu ó thíortha eile, go háirithe an tSín, an Rúis agus an India.