Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear marbh i dtimpiste i gCo.Dhún na nGall

29 MÁRTA 2025, 18:54

Gardaí ag lorg eolais ón bpobal
X Facebook

Tá Gardaí i gCo.Dhún i nGall ag lorg cabhair ón bpobal maidir le taisme bóthair a tharla sa chontae inniu.

Ar an R 245 ag Carraig Airt a tharla an timpiste agus tuigtear gur aon fheithiceal amháin a bhí i gceist.

Maraíodh tiománaí veain, fear sna seachtóidí san eachtra a tharla go gairid tar éis mheánlae.

Tugadh corp an fhir go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn.

Tá an bóthar dúnta ó shin agus scrúduithe teicniúla á ndéanamh.

Iarrann gardaí ar dhaoine a bhí sa cheantar idir meánlae agus 1300 inniu chomh maith le daoine a bhfuil físeáin 'dash cam' acu dul i dteagmháil leo.