Tá Comhairle Pobail Chinn Mhara i gContae na Gaillimhe ag impí ar an Rialtas an t-aon óstán ar an mbaile atá ag feidhmiú mar lóistín d'iarrthóirí tearmainn le tamall de bhlianta a chur ar fáil arís don phobal.
Deir an chomhairle go bhfuil an géilleagar áitiúil buailte go dona toisc nach bhfuil aon óstán ar an mbaile le fada anois.
Iarrann sí ar an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar a pholasaí i dtaca le láithreacha d'iarrthóirí tearmainn (IPAS)
Tá Óstán Merriman ar an mbaile úsáidte mar ionad IPAS anois ó 2022 agus daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin istigh ann.

Dúradh le ionadaithe tofa sa cheantar an tseachtain seo go bhfuil conradh 2 bhliain eile aontaithe ag an Rialtas le úinéirí an óstáin ionas go bhfeidhmeoidh an foirgneamh mar ionad IPAS.
Deir Comhairle Pobail Chinn Mhara áfach go sáraíonn sé seo geallúintí atá tugtha ag an Rialtas roimhe seo nach n-úsáidfí óstán i mbaile i gcomhair IPAS mura mbeadh ar a laghad an dara ceann ann do thuarasóirí agus muintir na háite.
Deir sí freisin go bhfuil suas le €2.4m caillte in aghaidh na bliana ag eacnamaíocht na háite d'uireasa óstán a bheith acu dá pobal agus do thurasóirí.
Ar an chlár raidió de chuid RTÉ 'Saturday with Colm Ó Mongáin' tráthnóna inniu dúirt an tAire Stáit a bhfuil cúrsaí inimirce faoina chúram, Colm Brophy, gur 'mór an tseirbhís a chuireann formhór na n-imirceoirí a thagann chugainn ar fáil'.
Dúirt seisean gur theastaigh ón Rialtas córas eile a chur i bhfeidhm i dtaca le IPAS a bheadh cóir agus cothrom ar na hiarrthóirí tearmainn agus ar na pobail a mbeadh siad ina measc.