Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Craoslach: teaghlaigh ag iarraidh éisteacht ó bhéal

25 MÁRTA 2025, 18:12

Maraíodh deichniúr i dtubaiste an Chraoslaigh ar an 7 Deireadh Fómhair 2022
X Facebook

Tá daoine muinteartha le cuid den deichniúr a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaigh ag iarraidh ar an mBord Pleanála éisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh mar chuid den achomharc atá siad a dhéanamh in aghaidh athfhorbairt shuíomh na tragóide.

Maraíodh an deichniúr – ceathrar fear, triúr ban agus triúr páistí – nuair a tharla pléasc ag stáisiún seirbhísí i sráidbhaile an Chraoslaigh i gCo Dhún na nGall ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

I mí Feabhra seo caite, thug Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála don chomhlacht Vivo Shell stáisiún seirbhísí nua a thógáil ar an suíomh.

Tá sé i gceist ag Vivo Shell an foirgneamh atá ann faoi láthair a leagan, foirgneamh nua a thógáil ina áit agus an suíomh a fhorbairt arís mar ionad gnó, ar nós mar a bhí sé roimh an tubaiste.

Teastaíonn ón gcomhlacht siopa, oifig phoist agus sciamhlann a oscailt san fhoirgneamh nua; pumpaí breosla a bhunú sa réamhchúirt; agus gairdín cuimhneacháin a lonnú le hais an tsuímh.

Tá teaghlaigh na ndaoine a maraíodh glan in aghaidh an phlean sin, áfach, agus sheol siad achomharc chuig an mBord Pleanála an mhí seo caite.

Deir an comhlacht dlí Phoenix Law go bhfuil an cheist chomh casta sin ó thaobh an dlí de agus ó thaobh cearta daonna de nach féidir cothrom na Féinne a thabhairt do na teaghlaigh gan éisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh.

Tá na dlíodóirí ag iarraidh freisin cead a bheith ag na teaghlaigh tuilleadh aighneachtaí i scríbhinn agus tuilleadh fianaise a chur i láthair lucht an achomhairc má thagann a leithéid i gceist.

Níl na teaglaigh in aghaidh ionad tráchtála nua a thógáil sa Chraoslach, a deir na dlíodóirí, ach creideann siad nach áit chuí í láthair na tubaiste lena aghaidh.

Dúirt urlabhraí ón mBord Pleanála nach bhfuil cinneadh déanta fós maidir le héisteacht ó bhéal ach dúradh cheana go bhfuil cinneadh ar an achomharc féin le déanamh faoin 14 Iúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ