Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

13,540 duine neamhcháilithe fostaithe mar mhúinteoirí anuraidh

25 MÁRTA 2025, 20:52

X Facebook

Léiríonn figiúirí nua a fuarthas ón Roinn Oideachais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go raibh 13,540 duine neamhcháilithe fostaithe mar mhúinteoirí i scoileanna an Stáit sa bhliain 2024.

Fostaíodh daoine neamhcháilithe i 98% de bhunscoileanna na hÉireann (3,029) i rith na scoilbhliana 2023/2024, de réir na bhfigiúirí a fuair an clár cúrsaí reatha 7LÁ a chraolfar anocht ar TG4.

8,883 duine neamhcháilithe a fostaíodh sna bunscoileanna i rith na scoilbhliana 2023/2024.

Fostaíodh daoine neamhcháilithe i 65% d'iar-bhunscoileanna na hÉireann (472) i rith na scoilbhliana 2023/2024.

Fostaíodh 4,657 duine neamhcháilithe sna hiar-bhunscoileanna i rith na scoilbhliana 2023/2024.

Fostaíodh 13,540 duine neamhcháilithe ar fad i 3,501 i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann i rith na scoilbhliana 2023/2024.

Líon na ndaoine arna n-íoc ar ráta pá do dhuine neamhcháilithe:

Bunscoileanna

- 8,883

Meánscoileanna, Pobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha

- 4,657

Líon na scoileanna ina ndearnadh aon íocaíocht amháin ar a laghad le duine arna íoc ar ráta pá do dhuine neamhcháilithe:

- 3,029

- 472

Baineann na sonraí thuas le daoine nó le hionadaithe a d’oibrigh mar mhúinteoirí i mBunscoileanna, i Scoileanna Deonacha, i Meánscoileanna, i bPobalscoileanna agus i Scoileanna Cuimsitheacha. Ní chuirtear san áireamh sonraí faoi dhaoine a oibríonn in iar-bhunscoileanna de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna.

Ó tharla Alt 30 den Acht um Chomhairle Mhúinteoireachta 2001 á leasú leis an Acht Oideachais (Leasú) 2012, is féidir le scoil, i gcásanna práinne nó cúrsaí gan choinne, duine nach bhfuil cláraithe ina mhúinteoir leis an gComhairle Mhúinteoireachta a fhostú ar feadh suas le cúig lá as a chéile.

Dúirt Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, John Boyle, le 7LÁ faoi na figiúirí nua gur "ábhar buartha an tuairisc faoi líon suntasach ionadaithe neamhcháilithe a raibh freagracht orthu as an gcuraclam a theagasc i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta i rith na scoilbhliana 2023/24. Is léiriú eile fós seo ar an ngéarchéim leanúnach maidir le heaspa múinteoirí a fhágann na scoileanna go mór faoi bhrú.

"Tá an ghéarchéim seo ar scála chomh mór agus go n-éilítear beart práinneach an Rialtais uile ina leith. Is é a éilíonn Cumann Múinteoirí Éireann:

- 300 ionad breise in aghaidh na bliana ar chúrsaí tosaigh oiliúna múinteoirí go dtí go leigheastar an ghéarchéim.

- Coimisiún náisiúnta maidir leis an soláthar múinteoirí d’fhonn réitigh fhadtéarmacha maidir le soláthar múinteoirí a thabhairt chun cinn.

- Freagra gan mhoill ón Rialtas maidir leis na gearáin a chuir an ceardchumann faoi bhráid faoin bpróiseas margála áitiúil a thagann faoi scáth an chomhaontaithe seirbhíse poiblí reatha ó tharla a n-éilíonn Cumann Múinteoirí Éireann maidir le liúntais múinteoireachta a thabhairt ar ais, le cúngú ar scálaí pá na múinteoirí agus le deiseanna dul chun cinn sa ghairm bheatha dírithe go hiomlán ar phost múinteoireachta agus ar cheannaireacht scoile sa tír seo a dhéanamh níos tarraingtí.

- Feachtas earcaíochta idirnáisiúnta saindírithe d’fhonn múinteoirí oilte as Éirinn a thabhairt ar ais abhaile.

- Beart práinneach maidir le cúrsaí tithíochta, leis an gcostas maireachtála agus le coinníollacha oibre d’fhonn múinteoirí atá ag obair faoi láthair a choinneáil i mbun an chúraim.

"Mura ndéanann an Rialtas beart anois, fulaingeoidh níos mó leanaí cur isteach ar a gcuid foghlama, beidh ualach iomarcach ar na múinteoirí atá fanta i mbun an chúraim, cuirfear níos mó ceannairí scoile go deireadh na feide, agus beidh oideachas bunscolaíochta agus oideachas speisialta in Éirinn go mór i mbaol".

Ardrúnaí Chumann Múinteoirí Éireann John Boyle

Dúirt urlabhraí ón Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, le 7LÁ: gur "deimhniú na sonraí seo ar líon na bhfolúntas do phoist múinteora i scoileanna na hÉireann a bheith níos airde ná mar a bhí riamh cheana.

"Ar cheann de na cúiseanna is mó atá leis an ngéarchéim maidir le soláthar múinteoirí in Éirinn, tá nach síltear níos mó gur slí bheatha tharraingteach inbhuanaithe saol an mhúinteora.

"Tá deacracht ag múinteoirí nuacháilithe conarthaí dearfa agus áit chónaithe inacmhainne a fháil. Tá an scála tuarastail do na múinteoirí sin rófhada.

"Níl dóthain acmhainní á gcur ar fáil do scoileanna dara leibhéal. Bíonn líon rómhór daltaí sna ranganna agus ualach trom oibre ar mhúinteoirí dá réir. Tá dochar déanta do mheanma na múinteoirí le hiomarca tionscnamh agus clár nua gan dóthain airgid ina leith."

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar 7LÁ ar TG4 agus TG4.ie ag 8 a chlog anocht

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ