Tá na Gardaí tar éis íomhá úr ó CCTV a fhoilsiú den fheoirmeoir i gCiarraí atá ar iarraidh le 4 lá agus tá siad ag iarraidh cúnamh an phobail an athuair agus cuardach fós ar bun do Mhichael Gaine (56).
San Neidín a facthas go deiridh é, Déardaoin seo caite, tamall gearr roimh a 10 a chlog ar maidin.
Cheannaigh sé creidmheas gutháin i siopa Centra ar an mbaile ag 9.48rn a deir na Gardaí.
Íomhá ó chóras theilifís ciorcaid iata (CCTV) an tsiopa atá foilsithe acu inniu le cuidiú leis an bhfiosrúchán agus leis an gcuardach.
Bhí os cionn 200 duine amuigh ag cuardach inné agus arú inné.
Feirmeoir caorach i gceantar gleannta agus sléibhte sa Neidín é Michael Gaine.
Tá sé 1.77m (5'10") ar airde, fear déanta é a bhfuil gruaig dhonn agus liath air agus féasóg mhór.
Nuair a facthas go deiridh é bhí hata olla oráiste á chaitheamh aige, seaicéad lomra, bríste géine gorm agus buataisí dubha.
Tá an-imní ar a mhuintir agus ar na Gardaí faoi.
Dúirt an comhairleoir condae áitiúil Dan McCarthy go raibh daoine suaite, craite.
"Tá muid uilig tré na chéile.
Bhí 200 againn anseo le dhá lá, i mbun cuardaigh eagraithe ón marglann anseo sa Neidín.
Bíonn mé féin ag caint leis, beagnach gach lá sa tseachtain.
Comharsa an-mhaith é, agus cara maith freisin.
Tá stáisiún beag breosla agam ar an mbaile agus bíonn sé isteach agam gach maidin, nó sé mhaidin as seacht gcinn pé scéal é.
Léireoidh sé duit an meas atá ag gach duine ar Mhichael agus ar a mhuintir, an líon daoine atá á chuardach agus an t-ábhar ar fad atá deonaithe ag lucht gnó le daoine a bheathú agus iad ag cuardach.
Tá an-mheas ar Mhuintir Gaine, dream a théann i bhfad siar."
D'iarr an Comhairleoir McCarthy ar aon nduine a bhfuil aon eolas acu a ghabháil i dteagmháil leis na Gardaí sa Neidín nó i gCill Airne.