Tá Rialtas na Rúise tar éis a rá go bhfuil "comhthuiscint" idir iad féin agus Rialtas na Stát Aontaithe faoin slí is fearr tabhairt faoi dheireadh a chur leis an gcogaíocht san Úcráin, ach go bhfuil "gnéithe go leor fós le socrú".
Tá feidhmeannaigh de chuid na Rúise agus de chuid Mheiriceá tar éis a bheith i mbun comhráití ó mhaidin i Riyadh san Araib Shádach faoi shos comhraic sealadach a bhaint amach, ar an Muir Dhubh ar dtús báire, tar éis do chainteanna a bheith ar siúl inné idir an meitheal as Meiriceá agus ionadaithe de chuid na hÚcráine faoi stiúir an Aire Cosanta Rustem Umerov a dúirt go raibh an méid a pléadh "tairbhiúil agus dírithe."
Dírithe go sonrach a bhí an chaint inniu ar cheisteanna teicniúla a dúirt urlabhraí an Khreimlín Dmitry Peskov, ceisteanna ar nós Tionscnamh na Muire Duibhe atá in ainm is sábháilteacht loingis a chinntiú ar an Muir Dhubh.

Bhí a leithéid i bhfeidhm i 2022, rud a cheadaigh don Úcráin na scórtha milliún tonna arbhair agus bia eile a onnmhairiú óna cuid calafoirt.
Ach tharraing an Rúis siar as an Tionscnamh - a bhí curtha le chéile ag an Tuirc agus na Náisiúin Aontaithe - i 2023 mar nach raibh Cumhachtaí an Iarthair ag comhlíonadh an mhargaidh a déanadh le deireadh a chur leis an srian a bhí á chur acu ar tháirgí feirme agus ar leasú talún de chuid na Rúise a dhíol thar sáile.

Dheimhnigh Peskov freisin go bhfuil bac fós á chur ag Arm na Rúise ar aon ionsaí ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine - sos sealadach 30 lá a haontaíodh sa gcomhrá gutháin a bhí ag Putin agus Trump an tseachtain seo caite - cé go bhfuil tuairiscí arís inniu ann go bhfuil an Úcráin go fóill ag ionsaí bonneagar fuinnimh sa Rúis.
Deir an Úcráin nach gcurfar deireadh leis na hionsaithe sin go síneoidh an Rúis cáipéis fhoirmeálta ag deimhniú an tréimhse sosa.
Tá an fhoireann taidhleoireachta atá ag Meiriceá ag na cainteanna faoi stiúir Andrew Peek, stiúrthóir sinsearach leis an gComhairle Slándála Náisiúnta sa Teach Bán, agus Michael Anton, feidhmeannach sinsearach i Roinn an Stáit.
Deir an toscaire speisialta atá ag an Uachtarán Trump Steve Witkoff go bhfuil dóchas mór ann go mbeifear in ann a theacht ar shocrú i Riyadh as seo go ceann lá nó dhó ar "cheist na Muire Duibhe ar mhaithe le leanacht uaidh sin go a mbeidh sos iomlán cogaidh ann".
"Ina thús atáthar" - An Rúis
Ach tá Moscó ag déanamh beag is fiú den chaint faoi leigheas a aimsiú go gairid.
"Nílthear ach ina thús fós" a deir Dmitry Peskov "agus tá comhráití casta le theacht".

Scaoil an dá thaobh sa gcogadh dróin lena chéile arís thar oíche.
Deir an Úcráin gur maraíodh triúr i Kív, cailín beag 5 bhliana d'aois agus a hathair ina measc.