Tá suas le 70 eitilt idir Heathrow agus Éirinn buailte ag an tine i bhfostáisiún leicteachais gar don aerfort idirnáisiúnta, tine a bhain an chumhacht den aefort is gnóthaí san Eoraip.
Deir údaráis an aerfoirt anois go mbeidh Heathrow dúnta go dtí meánoíche inniu.
Thart ar 1,300 eitilt a fhágann nó a thuirlíonn ag Heathrow gach lá, rud a fhágann gur mol tábhachtach idirnáisiúnta aerthaistil é agus go gcuirfidh dúnadh an aerfoirt as go mór d'aerfoirt eile agus d'eitiltí ar fud an domhain.
Chas roinnt eitiltí trasatlantacha ar ais chuig an aerfort imeachta in ionad tuirlingt in aefort nó i stát éigin eile san Eoraip.
Tá cuid mhór eitiltí á gcur ar ceal agus cuid ar malairt slí chuig aerfoirt eile sa Bhreatain. Ach de bhrí nach acmhainn de na haerfoirt eile sin.
Aerfoirt in Éirinn gnóthach i gcónaí
In ainneoin an chíor thuathail in Heathrow, tá aerfoirt in Éirinn gnóthach i gcónaí.
34 eitilt ar fad idir Bhaile Átha Cliath agus Heathrow atá buailte go díreach ag an tine, agus tá aerlínte agus paisinéirí ar a ndícheall ag iarraidh eitilití eile a aimsirú agus a chur in áirithint. Comhairle an DAA ar phaisinéirí é stádas na heitilte a sheiceáil roimhré.
Meiriceánaigh iad cuid mhaith de na daoine atá san ardchathair a bhí ag súil eitilt abhaile chuig na Stáit Aontaithe a fháil as Heathrow.
Oct n-eitilt idir Chorcaigh agus Heathrow atá curtha ar ceal ag Aer Lingus inniu, agus tá an líon céanna eiltití buailte sa tSionainn. Tá cur isteach freisin ar eitiltí eile go Béal Feiriste agus Doire
Bladhm mór gheal sa spéir
Bhí 70 duind de bhriogáid dóiteáin Londain ag iarraidh an dóiteán a thabhairt faoi smacht, agus cuireadh thart ar 150 duine as a áitrimh sa cheantar in iarthar na cathrach. Bhí lasrach agus púr deataigh ag éirí go tréan as an bhfostáisiún agus fágadh ar dtús suas le 67,000 teaghlach gan chumhacht.
Cuireadh fios ar an mBriogáid Dóiteáin thart ar 11:30 aréir, agus cuireadh plean móreachtra i bhfeidhm go gairid roimh a haon a chlog ar maidin. Deir finnéithe go bhfacthas bladhm mhór gheal sa spéir díreach sular gearradh an cumhacht ar na scórtha míle sa cheantar.
Tá an dóitéan tugtha faoi smacht anois ach tá cuid de fós lasta.
Údar na tine á fhiosrú
De bhrí go raibh an tine chomh gar don aerfort tábhachtach seo agus go raibh torabh chomh tubaisteach ar an infrastruchtúr riachtanach, deir Póilíní Londain gurb é aonad frithsceimhlitheoireachta an fhórsa a bheidh i gceann an fhiosrúcháin.
Faoi láthair, níl aon údar ag na póilíní a cheapadh gur in aonturas a cuireadh an forstáisiún trí thine, a deir siad.
Beidh na seirbhísí éigeandála ag cur comhairle ar an Rialtas faoi cén uair a athosclófar Heathrow, agus tá an seans ann go bhfanfaidh sé dúnta thar óiche.