Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

70 duine eile ar a laghad maraithe ag Iosrael in Gaza

20 MÁRTA 2025, 17:12

Corp i ndiaidh coirp: Beit Lahia i dtuaisceart Gaza, 20 Márta 2025
X Facebook

Tuairiscítear gur maraíodh 70 duine ar a laghad agus gur leonadh na dosaein i ruathair bhuamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar roinnt áiteanna in Gaza i gcaitheamh na hoíche.

Áirítear os cionn 500 Palaistíneach a bheith maraithe ag fórsaí míleata Iosrael le trí lá.

D'fhógair na hIosraelaigh inné go raibh tús curtha as an nua acu le hionsaithe talún freisin.

Tá conair soir-siar i lár Gaza faoina smacht ag na hIosraelaigh arís agus dhá leath déanta acu den iamhchríoch.

Inné, thug na hIosraelaigh fógra do shibhialtaigh imeacht as "ceantair chomhraic" i dtuaisceart Gaza agus tá bóthar buailte ag na mílte teifeach ó shin.

Deir Rialtas Iosrael go leanfar de na hionsaithe nó go scaoilfidh Hamas saor na gialla Iosraelacha atá faoi choinneáil i gcónaí acu in Gaza.

58 giall atá i gceist ach measann na hIosraelaigh go bhfuil 34 díobh marbh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ