Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An Úcráin: moladh síochána Mheiriceá á phlé ag ceannairí Eorpacha

20 MÁRTA 2025, 13:01

An Taoiseach sa Bhruiséil inniu
X Facebook

Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu, áit a bhfuil an cogadh san Úcráin agus mórcheisteanna idirnáisiúnta eile á gcíoradh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh.

Faoi chaibidil sa chruinnú go háirithe, tá an sos cogaidh agus an comhaontú síochána atá Rialtas na Stát Aontaithe a mholadh.

Tabharfar cluas éisteachta do thuairimí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i dtaobh a bhfuil á mholadh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nuair a ghlacfas sé páirt sa chruinniú ar nasc físe ar ball.

Beidh comhráite faoi mhionsonraí na síochána ar siúl san Araib Shádach a an deireadh seachtaine seo chugainn agus tá Zelensky lena bhfuil ar eolas aige faoin gclár oibre a chur os comhair na gceannairí eile.

Dúirt Donald Trump le Zelensky inné gur mian le Rialtas na Stát Aontaithe seilbh a ghabháil ar stáisiúin núicléacha na hÚcráine agus iad a riar feasta mar chuid de chomhaontú síochána.

Sa chruinniú sa Bhruiséil inniu, tuigtear go dtabharfaidh na ceannairí a mbeannacht do phlean cur go mór leis an tacaíocht mhíleata agus eacnamaíochta a thugann an tAontas Eorpach don Úcráin cheana féin.

Pléifidh siad freisin an t-ollmharú atá Iosrael a dhéanamh in Gaza, an ghéarchéim sa tSiria agus cúrsaí trádála idirnáisiúnta i bhfianaise pholasaithe an Uachtaráin Trump.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ