Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Gaelcholáiste Shráid Synge le bunú mar a beartaíodh anuraidh

20 MÁRTA 2025, 13:16

Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge
X Facebook

Níl sé maith go leor go bhfuiltear ag dul chun cinn le plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de mheánscoil i mBaile Átha Cliath gan dul i gcomhairle le múinteoirí na scoile, a deir ceardchumann na múinteoirí.

D'fhógair an Roinn Oideachais an fómhar seo caite go rabhthas le Gaelcholáiste a dhéanamh de Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i ndeisceart na cathrach agus go n-osclófaí é ag tús na scoilbhliana 2026.

Thug na múinteoirí le fios ag an am, áfach, gur tháinig an scéala aniar aduaidh orthusan agus nár pléadh an cheist riamh leo.

Dúirt roinnt acu go raibh imní orthu go gcaithfidís feabhas mór a chur ar a gcuid Gaeilge, Gaeilge a fhoghlaim ón mbuntús nó post nua a lorg i scoil eile.

Pléadh an scéal i gcruinniú a bhí ag riarthóirí na scoile, Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, le bord bainistíochta na scoile arú aréir.

I ráiteas a d'eisigh an tIontaobhas i ndiaidh an chruinnithe, deimhníodh go rabhthas le dul chun cinn leis an bplean, seachas an corrathrú beag, agus glacadh leis gur cuireadh olc ar na múinteoirí mar nach ndeachthas i gcomhairle leo roimhe seo.

Dúradh gur de réir a chéile a dhéanfaí Gaelcholáiste den scoil agus go raibh sé i gceist roinnt daltaí a theagasc trí mheán an Bhéarla i gcónaí ag an tús.

Scoil Shráid Synge: ábhair scoile le teagasc trí mheán na Gaeilge ó Mheán Fómhair 2026

Agus é ag labhairt ar RTÉ ar maidin inniu, áfach, dúirt Leas-Ardrúnaí Chumann na Meánmhúinteoirí, Diarmaid de Paor, go bhfuil na múinteoirí dall i gcónaí ar a bhfuil á bheartú ag an Roinn Oideachais agus ag riarthóirí na scoile.

Gan trácht ar na múinteoirí, níltear ag dul i gcomhairle leis na tuismitheoirí ach an oiread, arsa an Paorach.

Dar leis gur cheart dul siar ar an bplean agus a chur sa siúl i gceart as an nua.

Thug sé le fios freisin go bhfuil amhras air gurb é Sráid Synge an t-ionad is fearr le haghaidh Gaelcholáiste nua – de réir mar atá sé á shamhlú ag an Roinn Oideachais ar aon chuma, arsa sé.

Creideann an Paorach nach mbeadh meánscoil lán-Ghaeilge san áit sin in acmhainn freastal ar riachtanais 400 dalta.

Ina aghaidh sin, creideann tuismitheoirí ó chúig Ghaelscoil sa cheantar go bhfuil gá agus an-ghá le Gaelcholáiste nua sa chuid de sin de dheisceart Bhaile Átha Cliath.

Creideann na tuismitheoirí go bhfuil de cheart ag a gclann a gcuid scolaíochta a thabhairt chun críche trí mheán na Gaeilge.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ