Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An fiontraí F1 Eddie Jordan tar éis bháis

20 MÁRTA 2025, 15:38

Fuair Eddie Jordan bás in Cape Town san Afraic Theas go moch ar maidin inniu
X Facebook

Tá an fiontraí rásaíochta gluaisteán as Baile Átha Cliath Eddie Jordan tar éis bháis san Afraic Theas. 76 bliain d'aois a bhí sé agus bhí sé tinn le tamall.

Bhí cáil idirnáisiúnta ar Eddie Jordan as an bhfoireann Fhoirmle a hAon a bhunaigh sé i 1991.

Bhuaigh foireann Jordan Grand Prix ceithre rás F1 sular scoireadh í i 2005.

D'fhógair Eddie Jordan anuraidh go raibh ailse air.

I ráiteas, dúirt a theaghlach gur éag sé in Cape Town go moch ar maidin inniu, gur bás suaimhneach a fuair sé agus go raibh siad lena thaobh ag an am.

Dúirt Uachtarán agus Príomhfheidhmeannach F1, Stefano Domenicali, gur méala mór bás Eddie Jordan do gach uile dhuine atá bainteach leis an eagraíocht.

Ceannródaí agus duine suáilceach ab ea Eddie, arsa Domenicali, agus é ag déanamh combhróin le muintir Jordan.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ