Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

29 gluaisteán tógtha ag Gardaí, €200,000 calctha

20 MÁRTA 2025, 18:34

29 gluaisteán tógtha ag Gardaí
X Facebook

Tá 29 gluaisteán tógtha ag na Gardaí ó dhrong coireachta eagraithe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá €200,000 in airgead tirim leis na coirpigh calctha ag na Gardaí freisin.

Is le comhlacht díolta gluaisteán na feithiclí a tógadh inniu ach creideann na Gardaí nach bhfuil ann ach comhlacht mar dhea a mbaintear leas as le hairgead a sciúradh.

Tá an t-airgead a calcadh i gcuntais éagsúla leis an gcomhlacht sin.

Meastar luach thart ar €600,000 a bheith sna gluaisteáin.

Chuardaigh na Gardaí tithe cónaithe agus ionaid ghnó i mBaile Átha Cliath agus sa Longfort mar chuid den fhiosrúchán.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ