Deir Rialtas na hÚcráine go léiríonn na hionsaithe drón is deireanaí atá déanta ag fórsaí míleata na Rúise ar an tír sin go bhfuil neamhshuim á dhéanamh ag na Rúisigh den sos comhraic atá molta ag na Stáit Aontaithe.
Tuairiscítear gur buamáladh bonneagar sibhialta in áiteanna éagsúla san Úcráin i gcaitheamh na hoíche – lena n-áirítear dhá ospidéal i gcathair Sumy – cúpla uair an chloig tar éis do na Rúisigh tabhairt le fios nach mbuamálfaidís bonneagar fuinnimh na tíre arís go ceann 30 lá ar a laghad.
Fógraíodh an socrú sin i ndiaidh comhrá teileafóin idir Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tráthnóna inné.
Socraíodh chomh maith go malartódh an Rúis agus an Úcráin 175 príosunach an taobh "mar chomhartha dea-rúin".
Deir na Rúisigh go ndúirt Putin le Trump, áfach, nach n-órdodh sé sos comhraic ginearálta a chur i bhfeidhm nó go n-éireodh tíortha an Iarthair as faisnéis agus cúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin.
Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le labhairt le Donald Trump níos deireanaí inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ