Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Dáil Éireann ionann is ar fionraí' – Sinn Féin

19 MÁRTA 2025, 18:47

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald (Pic: Cartlann)
X Facebook

Dar le ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil Dáil Éireann ionann is ar fionraí, nó "i bhfuarstóras", mar a dúirt sí.

Níl aon choistí Dála bunaithe ceithre mhí tar éis an olltoghcháin, arsa sí, agus níl ach deich suí fanta roimh shos na Cásca.

Agus í ag labhairt sa Dáil tráthnóna inniu, mhaígh Mary Lou McDonald gurb iad Teachtaí Dála an Rialtais atá freagrach as an spadántacht agus dúirt gur "le fonn an Teachta Neamhspleách Michael Lowry agus a chuid íochtarán a chosaint" atá siad ag tarraingt na gcos.

Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín go raibh 110 lá caite ó bhí an t-olltoghchán ann ach nár shuigh an Dáil ach seacht lá dhéag idir dhá linn.

Fágann sin, arsa sé, go raibh an Dáil díomhaoin 85% den achar sin.

D'iarr sé an Dáil a theacht le chéile lá breise an tseachtain seo agus lá breise an tseachtain seo chugainn.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik go raibh an Rialtas ag cur moill ar bhunú na gcoistí ach ní raibh aon ghlacadh ag an Taoiseach Micheál Martin leis an maíomh sin.

Thug sé le fios gur mhian leis an Rialtas na coistí a bhunú agus d'iarr ar an bhfreasúra gan dul sa bhealach ar an bpróiseas sin.

Mhaígh sé chomh maith gur bunaíodh an Rialtas in achar ama i bhfad níos gairide ná in 2020 ná in a lán tiortha Eorpacha eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ