Tháinig ardú de 8.1% ar an meán ar phraghsanna tithe agus árasán i gcaitheamh an dá mhí dhéag ó Eanáir 2024 go hEanáir 2025, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
€359,999 an meánphraghas a bhí ar áras cónaithe sa Stát i mí Eanáir seo caite.
Ardú 7.5% a bhí i gceist i mBaile Átha Cliath, 8.6% i ngach áit eile sa Stát.
Ba i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an meánphraghas ab airde, mar a bhí, €662,349.
Ba i gCo Liatroma a bhí an meánphraghas ab ísle, mar a bhí, €180,000.
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba i réigiún na teorann a bhí an t-ardú ba mhó, mar a bhí, 12.7%. Cuimsíonn an réigiún sin an Cabhán, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus Sligeach.
Ba sna cheithre chontae timpeall Bhaile Átha Cliath a bhí an t-ardú ba lú, mar a bhí, 5.8%.
Tá ardú 160.7% tagtha ar phraghsanna tithe ó thús 2013 nuair a bhí cúlú eacnamaíochta ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ