Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Taisme bóthair i nDún na Gall: déagóir scaoilte saor

18 MÁRTA 2025, 12:04

Láthair na tionóisce i Leitir Ceanainn
X Facebook

Deir na Gardaí gur scaoil siad saor, gan aon chúis a chur ina leith, ógánach a ghabh siad maidir le tionóisc bhóthair a bhí i gCo Dhun na nGall inné inar maraíodh fear sna seascaidí.

Is é Anthony Gallagher an té a maraíodh nuair a leag gluaisteán é féin agus a dheartháir ar an bPríomhshráid Íochtarach i Leitir Ceanainn go moch ar maidin inné.

Tá cóir leighis á chur ar an deartháir, Martin Gallagher, in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Gabhadh tiománaí an ghluaisteáin, ógánach sna déaga, ar láthair na timpiste.

Deir na Gardaí go bhfuil siad le comhaid maidir leis an gcás a chur chuig an Stiúrthóir Ionchúseamh Poiblí agus chuig Biúró Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána.

Deir siad chomh maith go bhfuil an tubaiste á fhiosrú acu i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ