Tá glacadóir ceaptha ag an Ard-Chúirt le €80,000 i bhfíneálacha nár íocadh a bhailiú ó thuarastal an mhúinteora Enoch Burke.
D'ordaigh an chúirt freisin cuntais bainc an Bhúrcaigh a chalcadh le gur féidir leis na húdaráis cuid den airgead atá ag dul don Stát a thógáil as.
Ní raibh Enoch Burke sa chúirt inniu ach chuir a dheartháir Isaac isteach ar an éisteacht ar feadh tamaillín.
Ghlac an deartháir comhairle an Bhreithimh David Nolan go gairid ina dhiaidh sin agus d'fhan ina thost go dtí an deireadh.
Rialaigh an Ard-Chúirt anuraidh go gcaithfeadh Enoch Burke fíneáil de €700 sa lá a íoc as gach lá a dtéann sé ar ais chuig scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí ar ordaíodh dó fuireach uaithi.
Tá Enoch Burke ag dul chuig an scoil i gcónaí, áfach, agus dhúbail an Breitheamh Nolan an fhíneáil laethúil an mhí seo caite.
Baineann an scéal le hiarratas ó dhalta sa scoil in 2022 go mbainfí leas as an uimhir iolra de na forainmneacha pearsanta agus múinteoirí ag caint san uimhir uatha ar an dalta sin.
Ghlac príomhoide na scoile le hiarratas an dalta ach ní raibh aon ghlacadh ag Enoch Burke leis ar an mbonn go raibh a leithéid glan in aghaidh a chreidimh Chríostaí.
Cuireadh ar fionraí ón scoil é ar an gcéad ásc agus briseadh as a phost é ar deireadh.
Tá achomharc á dheánamh aige in aghaidh an chinnidh dheireanaigh sin agus tá sé ag tarraingt a thuarastail i gcónaí.
Tá an cás le teacht os comhair na hArd-Chúirte arís seachtain ó inniu le deis a thabhairt don Bhúrcach cur in aghaidh ar ordaíodh inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ