Tuairiscítear go ndearnadh an-dul chun cinn maidir le sos comhraic san Úcráin nuair a labhair Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le chéile ar an teileafón inniu.
I ndiaidh an chomhrá, thug urlabhraí ó Rialtas na Rúise le fios go raibh ordú tugtha ag Putin d'fhórsaí míleata na tíre gan bonneagar fuinnimh na hÚcráine a ionsaí go ceann 30 lá ar a laghad, mar a d'iarr Trump, a fhad is a dhéanfadh na hÚcránaigh mar an gcéanna.
Mhaígh an t-urlabhraí go ardmheanmnach gur "cor cinniúnach agus stairiúil" a bhí sa chomhrá agus dúirt go raibh an domhan níos sábháilte ina dhiaidh ná mar a bhí roimhe.
Ar an taobh eile, agus mar sholaoid ar a dhóchasaí atá na Meiriceánaigh faoina bhfuil le teacht, dúirt urlabhraí Trump go gcuirfí tús anois le comhráite faoi shos comhraic ginearálta le súil a bhuanú.
Thart ar uair an chloig go leith a mhair an t-agallamh beirte, de réir tuairiscí ón dá thaobh.
Chomh maith le ceist na hÚcráine, deirtear gur phléigh Putin agus Trump an caidreamh idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe le súil a fheabhsú san am le teacht agus an naimhdeas eatarthu a mhaolú.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ