Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An pharáid is luaithe sa tír i gCo.Chiarraí

17 MÁRTA 2025, 21:20

An pharáid is luaithe sa tír i gCo.Chiarraí
X Facebook

Seán Mac an tSíthigh

Roimh bhreacadh an lae sa Daingean a chuir banna fíf agus drum an bhaile tús leis an bparáid is luaithe in Éirinn.

Téann an traidisiún siar go dtí aimsir Chogadh na Talún nuair a chuir na húdaráis cosc ar thionólacha idir éirí agus luí na gréine.

Bhí na céadta sna sála ar an mbanna ceoil agus cúrsa an bhaile á dhéanamh acu sa dorchadas, na drumaí agus na fífeanna ag baint macalla as na sráideanna.

Deir Tomás Ó Loinsigh, ball don mbanna ceoil, gur cuid mhór d'oidhreacht an bhaile an pharáid.

Deir Aoife Ní Ghrainbhéil go bhfuil an-spéis á léiriú ag an nglúin óg san ócáid anois.

Cuireadh clabhsúr leis an ócáid le hAifreann na maidne do cheiliúradh na Féile Pádraig.