Bhí an trodaí gairmiúil MMA,Conor McGregor mar aoí speisialta sa Teach Bán i Washington inniu.
Dúirt réamas Mheiriceá nach bhféadfadh sé smaoineamh ar dhuine níos fearr le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar lá mór na nÉireannach.

Mar fhreagra, dúirt an Tánaiste,Simon Harris go raibh 'saorchead ag Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump a rogha duine a iarraidh ag a theach cónaithe, fad is nár cheap sé gur ag labhairt ar son mhuintir na hÉireann a bhí Conor McGregor'.
'Níl an cearta sin aige mar ní ionadaí tofa de chuid an phobail é' a dúirt An Tánaiste.
Thug McGregor óráid uaidh sa Teach Bán níos túisce i ndiaidh don rúnai preasa ansin,Karoline Leavitt é a chur in aithne do gach a raibh i láthair.

Chas McGregor níos deireanaí le Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump, fear a léirigh ardmheas dó le linn a chruinnithe leis an Taoiseach an tseachtain seo caite.
'Is breá liom na tatúnna atá ar a chorp' a dúirt an tUasal Trump.
Sa bpíosa cainte a rinne sé, dúirt Conor McGregor go raibh sé 'thar am go dtuigfeadh muintir Mheiriceá an droch-bhail' mar a thug sé air a bhí fágtha ar Éirinn ag 'polasaithe inimirce agus tearmainn an Rialtais'.
Dúirt sé 'nach mórán d'Éirinn a bheidh ag daoine de bhunadh na tíre thall i Meiriceá le filleadh ar ais air má leanann na polasaithe seo'.

I ráiteas ón Taoiseach ar na meáin shóisialta tráthnóna dúirt Mícheál Martin go raibh an ráiteas ó McGregor mícheart, nach raibh sé ag teacht le spiorad an lae agus nárbh iad tuairimí fhormhór mhuintir na hÉireann a bhí a léiriú aige.
Fuair giúiré san Ard Chúirt Conor McGregor ciontach tamall ó shin i dtaca le cás sibhialta a bhí tugtha ag Nikita Hand ina choinne maidir le héigniú in óstán i mBaile Átha Cliath i 2018.
Bronnadh luach €250k de dhamáistí ar NIkita Hand.