Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Beirt fhear gafa ag Gardaí agus dunmharú fir i mBré á fhiosrú acu

21 EANÁIR 2025, 10:59

William Moorehouse a bhfuarthas a chorp i mBré tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite
X Facebook

Tá beirt fhear gafa ag Gardaí a bhfuil fiosrúchán ar bun acu faoi dhúnmharú fir 36 bliain d'aois i mBré i gCo Chill Mhantáin.

Fuarthas corp William Moorehouse i gclós súgartha i mBaile Bhaltraim ar cholbha theas Bhré go gairid tar éis 6 a chlog tráthnóna arú inné.

Is cosúil gur sádh é roinnt uaireanta.

Sna fichidí agus sna daichidí atá an bheirt fhear a gabhadh, a deir na Gardaí.

Deir siad freisin gur aréir i mBré a gabhadh an bheirt agus gur á gceistiú faoi chionta in aghaidh an oird phoiblí atá siad.

Creideann na Gardaí gur maraíodh William Moorehouse i mbruíon a bhí socraithe ag daoine ón lucht siúil a bhí in aighneas le chéile.

Tá siad den bharúil gur aighneas aon uaire a bhí ann agus nach achrann leanúnach ba chúis leis an marú.

Ar maidin inné, fuair na Gardaí roinnt arm gar don áit ar maraíodh William Moorehouse.

Tá cúnamh iarrtha ag na Gardaí ar sheirbhís idirghabhála an lucht siúil faoin scéal.

Comhpháirtíocht a fhaigheann maoiniú ón Roinn Dlí agus Cirt is ea an tseirbhís úd.

Bhí seisear páistí ag William Moorehouse agus bhí cónaí air i Láithreán Stad na Leathghealaí ar imeall Bhré.

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar a chorp níos deireanaí inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ