Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Pardún tugtha ag Trump don slua a ling an Caipeatól in 2021

21 EANÁIR 2025, 17:11

Donald Trump i gceann pinn sa Teach Bán
X Facebook

Tá pardún tugtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump do thart ar 1,500 duine a ciontaíodh i gcoireanna bhain leis an ruathar a tugadh ar an gCaipeatól in Washington DC ar an 6 Eanáir 2021.

Shínigh an tUacharán Trump ollordú ginearálta ag tabhairt pardún do mhórán gach duine a ghlac páirt sa séirse a tugadh ar Theach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil an lá úd.

Cé gur fhág sé as an áireamh ceithre dhuine dhéag de na foghlaithe, laghdaigh sé an phianbhreith a gearradh orthu.

Ina cheann sin, d'ordaigh sé na cásanna a bhí fós á dtabhairt in aghaidh 300 duine eile, iad a chaitheamh amach.

Agus é á sheadú féin sa Teach Bán an athuair, tá Donald Trump ag baint an-leas as a pheann agus is liosta le háireamh cheana féin na horduithe forghníomhaithe atá sínithe aige.

Ar iompú boise, tá na Stáit Aontaithe tarraingthe amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte aige agus as Comhaontú Pháras maidir leis an Aeráid.

Go deimhin, ó thaobh na haeráide de, is ag réabadh chun cinn in aghaidh an dula atá sé agus cead tugtha aige do chomhlachtaí taiscéalaíochta ola agus gás a bhaint as tailte fairsinge atá fós gan mhilleadh in Alasca.

Tá cosc curtha aige freisin ar imiricigh ó Mheicsiceo teacht isteach sna Stáit Aontaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ