Tá margadh sos-comhraic tagtha i bhfeidhm idir Iosrael agus Hamas.
Bhí moill 3 uair a chloig i gceist leis ar maidin ach tá deireadh cibé cá fhaid leis an gcogaíocht seo atá ar bun le 15 mí idir an dá thaobh ó thug fórsaí Iosrael ionradh faoi stráice Gaza i nDeireadh Fómhair 2023 mar fhreagra ar ionsaí sceimhlitheoireachta ó Hamas a mharaigh 1,200 duine.
Tuairiscítear gur maraíodh 13 Pailistíneach eile níos túisce ar maidin a bhuíochas do ruathair ó aerfhórsa Iosrael sa stráice.
Sin anuas ar an thart ar 47,000 Pailistíneach atá maraithe de réir na dtuairiscí ó Aireacht Sláinte Hamas.
Mar chuid den socrú tá faoi Hamas gialla atá á gcoinneáil acu a scaoileadh saor, tá Iosrael chun an rud céanna a dhéanamh.
Scaoil Hamas saor gialla le Iosrael inniu, triúr ban atá i gceist.
Tuigtear go bhfuil faoi Iosrael suas le 90 Pailistíneach a ligean ar ais abhaile.