Bhí seanscoil Sailearna in Indreabhán i gConamara lán go béal aréir agus an pobal féachana faoi dhraíocht ag aisteoirí áitiúla a thug faoin stáitse le ceann de dhrámaí Joe Steve Uí Neachtain a léiriú.
Bhí idir dheora agus gháire ag an slua a bhí i láthair don dráma aitheanta seo 'Faoi Dheireadh Thiar' ó pheann fhear an Chré Dhuibh a d'imigh ar shlí na fírinne uainn 5 bliana go ham seo.
Greann,gruaim,cumhacht agus paisiún; bhí sé uilig le sonrú go láidir a bhuíochas don chliar ildánach tallannach a tháinig amach ar stáitse ag an ionad seo 14 míle siar ó chathair na Gaillimhe.
Shamhlófá ar Choilmín Joe Mac Donnchadha nach raibh spré amhairc riamh aige, bhí sé chomh láidir sin i bpáirt 'Taimín Chualáin' a bhfuil radharc na súl caillte aige ina sheanaois agus sifil air ina theannta istigh i dteach altranais.
Má thograíonn aon chumann dráma a dhéanamh ar shaol 'Raiftearaí an File' molaim don léiritheoir fear an Ghleanna Mhóir ar an gCeathrú Rua a chaitheamh isteach sa ról.
Mar a leathbhádóir ar stáitse bhí Ciarán Ó Fátharta i bpáirt 'Coilmín an Bhreathnaigh', leisceadóir sa 'home' a bhfuil dúil aige sa deoch agus a mheabhraigh dhúinn uilig go beacht cén chaoi a ndéileáileann fir áirithe le freagracht agus cúram.
Níor bhain sé 'feather' as Caitlín Uí Chonghaile speabhraidí 'Sally' a chuir os ár gcomhair, carachtar atá faoi chúram an ionaid agus a fuair lán ladhair de chúiteamh ó fhir a bhíodh pósta léi tráth.
Ar ndóigh bhí sise sa bpáirt chéanna cheana nuair a léiríodh an dráma seo den chéad uair roinnt blianta ó shin.
Aon duine atá beagnach chomh sean liomsa, bheadh cuimhne mhaith aige uirthi freisin i bpáirt 'Helen' sa dráma iomráiteach raidió 'Baile an Droichid' a scríobhadh Joe Steve go rialta go Raidió na Gaeltachta agus a thuill gradam Jacobs dó na blianta siar.
Mairéad Ní Fhlaithearta, an t-amhránaí aitheanta ón Spidéal a léirigh 'Jackie' go paiteanta sa dráma seo, cailín óg a oibríonn sa teach altranais ach a bhfuil a rún féin aici le coinneáil ón 'fiancé'.
Bhíodh splanc den rómánsaíocht freisin luaite le 'Meaig Loideáin', ach seanbhean chantalach chancrach anois í atá sínte níos minicí ná mhalairt ó chluais go driobal sa leaba ar thaobh stáitse formhór an dráma.
Ach m'anam dá buíochas, go mbuaileann spadhar í geábh amháin an tsean lasair sin a fhadú arís ag tarraingt Coilmín an Bhreathnaigh chuici.
Ní haon radharc as scannáin 'James Bond' é ach iarracht mhaith mhístuama mar sin féin ag Bridie Mhic Chormaic, a luascann maide ar stáitse níos luafaire ná chroch Christy Ring camán riamh.
Fear TG4,Colman Seoighe atá i bpáirt a mic, a bhfuil a theanga ar a chomhairle féin aige.
Is léir óna bhriathra freisin ar uairimh nach iad a chuid paidreacha is túisce a ritheann leis.
Níor chaill Máirín Mhic Dhonnchadha riamh é ar stáitse is léir, ise i bpáirt an mhátrúin a bhfuil a dóthain le déanamh aici agus aire a thabhairt dhóibh uilig agus í i mbraighdeanas ag a cuimhní cinn féin.
Moladh mór freisin ag dul do Mháire Bheag Breathnach a bhí i mbun léirithe ar an dráma seo i bpáirt le Ciarán Ó Fátharta.
Níor loic an lucht teicniúil agus soilsithe ar an léiriú ach oiread.
Deirtear gurb é a thaithí féin ar an saol a spreag Joe Steve leis an dráma seo a scríobh.
Mar is dual don údar tá neart deá-chaint agus greann síos tríd a d'fhág an slua ag fual lena ngáire.
Ach tá leide láidir ann freisin gur uaigneach é an saol, go háirithe don té a bhfuil na fiacla curtha go maith aige.
Deirtear liom go bhfuil an dráma díolta amach anocht, gur thoiligh na haisteoirí oíche bhreise a dhéanamh ar an Luan mar chlabhsúr ar 'Scoil Gheimhridh Joe Steve' atá ar bun in Indreabhán ón Déardaoin seo caite.