Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Boinn chomórtha, seiceanna le tabhairt ar ais don Uachtarán

17 EANÁIR 2025, 16:38

Ghlac Margaret Bergin leis na boinn airgid agus na seiceanna cé go raibh athair a céile caillte le fada
X Facebook

I gCúirt Dúiche Phort Laoise, ordaíodh boinn chomórtha, seiceanna agus litreacha a fuarthas le dúmas a thabhairt ar ais d'Oifig Uachtarán na hÉireann.

Seoladh bonn airgid, seic agus litir ina gcuideachta thar ceann an Uachtaráin chuig John Bergin as Maighean Rátha i gCo Laoise gach bliain ar feadh deich mbliana ó 2011 ar aghaidh de bhrí gur creideadh go raibh an céad agus tuilleadh sáraithe aige.

I ngan fhios d'Oifig an Uachtaráin, áfach, fuair John Bergin bás i mí na Samhna 1993 in aois a dhá bhliain is ceithre scór.

Dhá mhí ó shin, gearradh téarma príosúin ar bhean chéile mhac John Bergin, Margaret Bergin, as a íocaíochtaí pinsin a fháil le dúmas ar feadh 28 bliain i ndiaidh a bháis.

Íocadh €270,000 le Margaret Bergin idir Nollaig 1993 agus Feabhra 2022 sula bhfuarthas amach go raibh John Bergin caillte le fada.

Gearradh dhá bhliain príosúin uirthi móide trí bliana go leith ar fionraí.

Sa chúirt i bPort Laoise inniu, dearbhaíodh nár cuireadh an dlí riamh ar Margaret Bergin as na boinn agus na seiceanna a fháil ón Uachtarán.

Mar sin féin, d'ordaigh an Breitheamh Andrew Cody do Margaret Bergin agus dá mac Séamus Bergin iad a thabhairt ar ais don té ar leis iad go dlisteanach, mar atá, Uachtarán na hÉireann.

Dúirt an Sáirsint sa Gharda Síochána JJ Kirby leis an mbreitheamh go gcinnteodh seisean go ndéanfaí amhlaidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ