Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Grianghraif speisialta le bronnadh ar phobal Chorca Dhuibhne

16 EANÁIR 2025, 16:05

Aodán Ó Conchúir le cuid dá bhailiúchán grianghraf
X Facebook

Tá suas le 20,000 grianghraf fíorluachmhar le bronnadh ar phobal Chorca Dhuibhne.

Is é Aodán Ó Conchúir a chnuasaigh na grianghraif le linn do bheith ag obair mar shaor-ghrianghrafadóir sa cheantar.

Tá teacht ar léargas saibhir sa chnuasach ar ghnáthshaol mhuintir Chorca Dhuibhne idir na 1970í agus na 1990í.

Bhí an Conchúrach ag soláthar do nuachtán an Kerryman agus an Cork Examiner don gcuid is mó ach ghlacadh sé grianghraif bhreise i gcomhair a bhailiúcháin phearsanta féin.

Tá radharcanna iontacha sa chnuasach a léiríonn an t-athrú saoil a facthas sna 70í déanacha agus sna 80í luatha, cuir i gcás, feirmeoirí fós ag baint úsáid as capaill agus iad ag obair sna páirceanna, ceannaíocha tuí ar sheantithe, díol agus ceannach ar na sráideanna laethanta aonaigh sa Daingean.

'Tigh folamh tigh gan drisiúr'

Tá léargas leis ar shaothar na talún agus na farraige, ar imeachtaí sóisialta agus pobail agus ar chúrsaí eaglasta.

I measc na ndaoine aitheanta a thug turas ar Chorca Dhuibhne agus atá le feiscint sa bhailiúchán, tá an t-iarThaoiseach Charlie Haughey, duine don Guildford Four Paul Hill, agus na hamhránaithe Dolly Parton agus Dolores O'Riordan. Ach ba iad na portráidí do mhuintir na háite na híomhánna is ansa leis an ngrianghrafadóir féin.

Cathal Ó hEochaidh agus a chóisir

B'éigean don gConchúrach a chuid grianghraf a ghlacadh i ndubh agus bán mar thoradh ar mháchail a fágadh ar a radharc tar éis dó meiningíteas a tholgadh agus é cheithre bliana is fiche d'aois.

Theip go hiomlán ar a radharc nuair a buaileadh breoite é. Ach le ham agus teiripe tháinig feabhas áirithe ar a radharc arís, cé ná fuil sé ábalta dathanna a fheiscint anois.

Tá léiriú cuimsitheach ar imeachtaí móra pobail i gCorca Dhuibhne agus béim faoi leith ar gheallta bád, Lá an Dreoilín agus imeachtaí eaglasta.

'Bhí Aonach Inné i gCorca Dhuibhne'

Bheartaigh an Conchúrach 20,000 claonchló a bhronnadh ar an bpobal ionas go mbeadh teacht ag daoine ar na híomhánna.

Ta sé i gceist ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne na híomhánna a dhigitiú agus a chlárú agus beidh iarratais mhaoinithe á réiteach anois chun an obair sin a chur i gcrích.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ