Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Cruinnithe faoin dréachtchlár rialtais, a bhfuil ann cáinte ag SF

16 EANÁIR 2025, 10:46

Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ceannaire Fhine Gael Simon Harris
X Facebook

Tá an dréachtchlár rialtais a foilsíodh inné le cíoradh ag baill d'Fhianna Fáil agus d'Fhine Gael as seo go ceann roinnt laethanta.

Tá Fine Gael le cúig chruinniú a thionól in áiteanna éagsúla sa tír le deis a thabhairt do na baill a dtuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa cháipéis. Tionólfar an chéad chruinniú i mBaile Átha Cliath tráthnóna amárach.

Beidh Ard-Fheis speisialta ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath an Domhnach beag seo, mar a bpléifear na polasaithe agus na huaillmhianta atá leagtha amach sa dréachtchlár rialtais.

Is é is dóichí go nglacfaidh baill an dá pháirtí leis an gcomhaontú a rinne a gceannairí lena chéile agus le Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach, agus samhlaíonn sé go mbunófar an rialtas nua nuair a thiocfas Dáil Éireann le chéile arís Dé Céadaoin seo chugainn.

Is naonúr ón nGrúpa Réigiúnach a bheas ag tacú leis an rialtas nua tar éis do na deartháireacha Healy-Rae as Ciarraí dul i bpáirt leis an ngrúpa sin go hoifigiúil inné.

Beidh beirt ón nGrúpa Réigiúnach ina nAirí Stáit speisialta sa rialtas nua. Sin iad Seán Canney agus Noel Grealish a mbeidh cead acu freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht agus labhairt iontu chomh maith.

Triúr Neamhspleách eile – Kevin Boxer Moran, Marian Harkin agus Michael Healy-Rae – ceapfar ina nAirí Stáit iadsan freisin.

Dúirt ceannaire Fhine Gael Simon Harris i gcruinniú den pháirtí parlaiminte aréir go mbeadh an rialtas nua ag díriú ar cheisteanna a théann i gcion ar theaghlaigh, ar phobail agus ar lucht gnó. Is tábhachtaí anois ná riamh rialtas socair seasmhach, arsa sé.

Dar le Pearse Doherty ó Shinn Féin, áfach, is easpach an cháipéis é an dréachtchlár rialtais agus dúirt nach bhfuil ach fíorbheagán ann atá nua.

Ag labhairt dó ar RTÉ, mhaígh an Dochartach go raibh gealltanais shonracha in easnamh sa cháipéis siúd is go raibh go leor ann faoi athbhreithnithe agus faoi pholasaithe atá i bhfeidhm cheana féin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ