Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

32 duine maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza

17 EANÁIR 2025, 12:07

Corp linbh a maraíodh de bharr na buamála á thabhairt chun na huaighe, Cathair Gaza, 16 Eanáir 2025
X Facebook

Deir lucht leighis in Gaza gur maraíodh 32 duine ar a laghad nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael ionaid ar fud na hiamhchríche aréir, tar éis gur fógraíodh inné go rabhthas tagtha ar chomhaontú faoi shos comhraic.

Gan trácht ar an marú, tuairiscítear gur scriosadh foirgnimh agus bonneagar in Nuseirat i lár Gaza, in Rafah sa deisceart agus i roinnt ceantar sa tuaisceart.

D'fhógair idirghabhálaithe ó na Stáit Aontaithe agus ó Chatar tráthnóna inné go ndearnadh comhaontú faoi shos comhraic agus go gcuirfí i bhfeidhm é ar an 19 Eanáir, an Domhnach beag seo.

Cé nach bhfuil i gceist ach sos comhraic sé seachtaine, tá na hidirghabhálaithe dóchasach go mbuanófar é.

Socraíodh freisin go dtarraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile, go scaoilfidís saor cimí Palaistíneacha agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil.

Tá Rialtas Iosrael le vóta a chaitheamh ar an gcomhaontú inniu.

Ar maidin inniu, áfach, mhaígh Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go raibh Hamas ag dul siar ar chodanna den chomhaontú le súil tuilleadh gealltanas a bhaint as na hIosraelaigh ag an nóiméad deireanach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ