I gcomhráiteas a d'eisigh siad tráthnóna, dúirt ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael Micheál Martin agus Simon Harris go raibh siad an-sásta leis an gcomhaontú a rinne an dá pháirtí le Teachtaí Dála Neamhspleácha faoi rialtas nua a bhunú.
Thug an bheirt le fios ina ráiteas go raibh sé tábhachtach rialtas socair seasmhach a bheith ann le go bhféadfaí "leanúint den dul chun cinn a rinneadh roimhe seo i gcúrsaí eacnamaíochta, bonneagair, tithíochta agus seirbhísí poiblí".
Mar chuid den chomhaontú, is é Micheál Martin a bheas ina Thaoiseach i dtosach. Fanfaidh sé sa phost go dtí 16 Samhain 2027, tráth a thiocfas Simon Harris ina áit go ceann dhá bhliain eile.
Tá raon leathan polasaithe agus uaillmhianta sa dréachtchlár rialtais a foilsíodh tráthnóna, lena n-áirítear:
- 300,000 áras cónaithe nua a thógáil as seo go 2030
- 300,000 post breise a chruthú as seo go 2030
- an cóimheas daltaí-múinteoirí i mbunscoileanna a laghdú go dtí 19:1
- táillí cúraim leanaí a laghdú de réir a chéile go dtí €200 sa mhí
- tuilleadh daoine a earcú san earnáil sláinte agus leapacha breise a chur ar fáil in ospidéil
- seirbhísí dochtúra teaghlaigh a chur ar fáil saor in aisce do leanaí faoi dhá bhliain déag d'aois
- an cháin bhreisluacha a laghdú go dtí 9% don earnáil fáilteachais
- tacaíocht phraiticiúil a thabhairt do ghnóthais nua, ghnóthais bheaga agus do ghnóthais mheánmhéide
- cur leis na deiseanna atá ann do dhaoine printíseacht a dhéanamh
- tuilleadh ionad sonraí idirnáisiúnta a thógáil agus Éire a chur cinn mar dhún daingean sonraí
- slándáil fuinnimh na hÉireann a chosaint
- Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais
- fórsa slándála a bhunú le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí
- an mBille um Chríocha faoi Fhorghabháil a achtú
- daoine a mbaineann úsáid phearsanta as drugaí mídhleathacha a chur ar aghaidh chuig na seirbhísí sláinte feasta seachas an dlí a chur orthu.
Bhí cruinnithe éagsúla tráthnóna ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus ag na Teachtaí Dála Neamhspleácha lena bhfuil sa dréachtchlár rialtais a chíoradh agus lena mbeannacht a thabhairt dó.
Mar leis an bhfreasúra, dúirt an Teachta Dála Louise O'Reilly ó Shinn Féin gur "díol mór díomá" a bhí sa dréachtchlár rialtais.
Níltear ach ag leanúint de na polasaithe neamhéifeachtacha a bhí ann roimhe seo, arsa sí.
Mhaígh sí freisin go raibh dul amú ar na Teachtaí Dála Neamhspleácha má cheap siad go raibh rud éigin suntasach bainte amach acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ