Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dréachtchlár rialtais le foilsiú tráthnóna inniu

15 EANÁIR 2025, 09:46

Rialtas nua le bunú nuair a thiocfas Dáil Éireann le chéile arís seachtain ó inniu
X Facebook

Tá dréachtchlár rialtais le foilsiú tráthnóna inniu ag Fianna Fáil, Fine Gael agus Teachtaí Dála Neamhspleácha tar éis dóibh teacht ar chomhaontú faoi rialtas nua a bhunú.

Roimhe sin, beidh cruinnithe éagsúla ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus ag Teachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Reigiúnach lena bhfuil sa dréachtcháipéis a chíoradh.

Ní cuid den Grúpa Réigiúnach iad na Teachtaí Dála Neamhspleácha as Ciarraí, na deartháireacha Danny agus Michael Healy-Rae, ach beidh siadsan ag tacú leis an rialtas nua chomh maith. Tuigtear go bhfuil duine den dís le ceapadh ina Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta.

Mar leis an nGrúpa Réigiúnach, tuigtear go gceapfar Seán Canney as Gaillimh Thoir ina Aire Stáit sa Roinn Iompair agus go gceapfar Noel Grealish as Gaillimh Thiar ina Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta. Murab ionann agus Airí Stáit eile, beidh cead ag an mbeirt sin freastal ar chruinnithe den Chomhaireacht.

Tá beirt eile ón nGrúpa Réigiúnach le ceapadh ina nAirí Stáit chomh maith. Sin iad Marian Harkin as Sligeach-Liatroim agus Kevin 'Boxer' Moran as an Longfort-an Iarmhí.

Is ag an dá mhórpháirí a bheas cuid Mhic Craith den fhia, dar ndóigh, agus creidtear faoi láthair go mbeidh ochtar Airí ag Fianna Fáil agus seachtar Airí ag Fine Gael sa rialtas nua.

Tá 174 Teachta sa 34ú Dáil Éireann agus teastaíonn móramh de 87 le rialtas a bhunú. 86 Teachta atá ag Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile agus fágann an comhaontú úr go mbeidh móramh de 95 Teachta ag an rialtas atá le teacht i gcumhacht.

Má ghlactar leis an dréachtchlár rialtais sna cruinnithe éagsúla inniu, is é is dóichí go mbunófar rialtas nua nuair a thiocfas Dáil Éireann le chéile arís seachtain ó inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ