Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

'Dea-shampla is ea ár saighdiúirí thar lear' – Uachtarán

20 NOLLAIG 2024, 11:26

A theachtaireacht Nollag dheiridh seolta ag an Uachtarán Michael D Higgins
X Facebook

Ina theachtaireacht bhliantúil Nollag, thug Uachtarán na hÉireann ómós do shaighdiúirí na tíre seo atá ar fianas thar lear, go háirithe iad siúd atá ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine.

Tharraing an tUachtarán aird chomh maith ar na cogaí in Gaza, san Úcráin agus sa tSúdáin.

Seo an teachtaireacht Nollag dheiridh a sheolfas Michael D Higgins mar Uachtarán óir tiocfaidh deireadh lena thréimhse oifige i mí na Samhna 2025.

Agus é ag trácht ar na saighdiúirí sa Liobáin, dúirt an tUachtarán gur "dea-shampla iad den chuid is fearr den Éireannachas agus de luachanna na tíre seo agus iad ag cur na síochána chun cinn, ag cosaint cuid de na daoine is fulangaí inár dteaghlach comhroinnte domhanda".

Mar le hÉireannaigh eile atá thar sáile, dúirt sé go mbeadh "teaghlaigh go leor ag cur fáilte abhaile faoi Nollaig roimh bhaill den phobal Éireannach a bhfuil cónaí orthu thar lear. Tá daoine áirithe, ar ndóigh, nach bhfuil in ann taisteal abhaile ar chúiseanna éagsúla, ach tá a gceangal lena dteaghlaigh agus lena gcairde chomh láidir is a bhí sé riamh".

Faoi dhaoine a tháinig ón iasacht chun cónaí sa tír seo dúirt sé go smaoiníonn sé "sa spiorad céanna [orthu], ár saoránaigh nua agus iadsan a d’iarr tearmann anseo – iad ag lorg dídine, ar thóir saoil a bheadh saor ó eagla agus ó ghéarleanúint, nó, ar nós cuid mhór dár muintir féin a d’imigh uainn thar na glúnta, nach raibh uathu ach caighdeán saoil níos fearr a bhaint amach".

I dtaobh na cogaíochta, duirt sé gur "[g]orta domhain atá sa chinniúint anois i mbliana ag pobal iomlán Gaza, lárionad fulaingthe do leanaí agus dá dteaghlaigh, dóibh siúd san Úcráin a bhfuil 1,000 lá de chogaíocht fulaingthe acu, agus do phobal na Súdáine, áit a bhfuil 25 milliún acu – níos mó ná leath den daonra – i mbaol ó ocras an ghorta".

Ghabh an tUachtarán buíochas le "gach duine atá ag obair inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, dóibh siúd atá ag freastal ar riachtanais na ndaoine gan dídean, iadsan atá leochaileach nó imeallaithe, agus do gach duine a thugann oiread sin dá Nollaig féin go fial flaithiúil chun freastal ar riachtanais daoine eile".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ