Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Deireadh le comhráite idir Lucht Oibre, FF-FG

19 NOLLAIG 2024, 16:54

Ivana Bacik sásta a bheith sa fhreasúra sa 34ú Dáil Éireann
X Facebook

Tá deireadh curtha ag Páirtí an Lucht Oibre le réamh-chomhráite le Fianna Fáil agus Fine Gael faoi bhunú an chéad rialtais eile.

I ráiteas, dúirt ceannaire an Lucht Oibre Ivana Bacik gur chreid sí go raibh polasaithe an dá pháirtí eile chomh héagsúil le polasaithe a páirtí féin nárbh fhiú leanúint de na comhráite.

Mhaígh sí go mbeadh sé dodhéanta polasaithe radacacha an pháirtí a chur i bhfeidhm i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael.

Mar sin féin, arsa sí, cuirfidh Teachtaí Dála an Lucht Oibre iad féin in iúl go láidir sa 34ú Dáil agus leanfaidh siad orthu ag stocaireacht ar son a bhfíse féin, fís "ar chlé ón lár" a raibh a lán vótálaithe an-tógtha leis, mar a dúirt sí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ