Tugadh an dara fear os comhair cúirte inniu maidir le hionsaí a rinneadh ar bheirt chomhaltaí den Gharda Síochána nach raibh ar dualgas i lár Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.
Sin é Kevin Murphy, 34 bliain d'aois, as Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1, a bhfuil sé curtha ina leith gur ionsaigh sé an bheirt fhear agus go ndearna sé díobháil dóibh ar Shráid an Iústásaigh i ndeisceart na cathrach go moch ar maidin Dé Sathairn.
Tá sé curtha i leith Kevin Murphy freisin gur ghoid sé fón agus vallait duine den bheirt Ghardaí.
Tá duine den bheirt fós an-dona tinn in Ospidéal Beaumont ach scaoileadh an Garda eile amach as an ospidéal ó shin.
Tugadh le fios sa chúirt inniu gur ghabh na Gardaí Kevin Murphy tráthnóna Dé Sathairn seo caite agus go mb'éigean é a thabhairt chun an ospidéil an lá dar gcionn le cóireáil leighis a chur air.
Dúradh chomh maith nach ndúirt Kevin Murphy aon ní nuair a cuireadh na cúiseanna ina leith i stáisiún Gardaí.
Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil go dtí Dé Luain seo chugainn agus ordaíodh aon chóir leighis a bhí de dhíth air idir dhá linn a chur ar fáil dó.
Tháinig fear eile os comhair na cúirte arú inné agus na cúiseanna céanna curtha ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ