Tháinig beirt fhear os comhair cúirte san Iúr i gCo an Dúin inniu agus iad cúisithe i mbean 40 bliain d'aois a dhúnmharú sa chontae sin an deireadh seachtaine seo caite.
Fuarthas Karen Cummings gan mheabhair gan arann ina teach cónaithe i nDroichead na Banna tráthnóna Dé Sathairn agus bhásaigh sí go gairid ina dhiaidh sin.
Tuigtear gur lámhachadh í.
Altra leanaí ab ea Karen Cummings agus bhí beirt pháistí aici.
Is iad an bheirt fhear atá cúisithe ina dúnmharú Glenn King, 32 bliain, as an Lorgain i gCo Ard Mhacha, agus Kevin McGuigan, 42 bliain, as Cromghlinn i gCo an Dúin.
Tá Kevin McGuigan cúisithe chomh maith i ngránghunna, armlón agus earraí goidte a bheith ina sheilbh aige.
Is ar nasc físe a tháing an bheirt fhear os comhair na cúirte san Iúr.
Cuireadh siar faoi choinneáil iad agus tiocfaidh siad os comhair cúirte arís ar an 9 Eanáir.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ