Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Fear a ceistíodh faoi dhúnmharú Kyran Durnin faighte marbh

17 NOLLAIG 2024, 20:26

Anthony Maguire a fuarthas marbh i nDroichead Átha ar maidin inniu
X Facebook

Fuarthas marbh inniu fear 36 bliain d'aois ar ghabh na Gardaí é an tseachtain seo caite maidir le dúnmharú Kyran Durnin, an buachaill óg atá ar iarraidh i gCo Lú le dhá bhliain go leith.

Gabhadh Anthony Maguire ar maidin Déardaoin seo caite agus scaoileadh saor é tráthnóna Dé hAoine gan aon chúis a chur ina leith.

I ráiteas, dúirt na Gardaí go bhfuarthas a chorp i dteach i nDroichead Átha ar maidin inniu.

Tuigtear go gcreideann na Gardaí gur "tragóid phearsanta" a bhí i mbás Anthony Maguire.

Déardaoin agus Dé hAoine seo caite, chuardaigh na Gardaí dhá theach i nDroichead Átha le súil fianaise a aimsiú faoinar bhain do Kyran Durnin.

Thochail siad gairdín ceann de na tithe freisin agus bhí madra bolaíochta corpán ag cuidiú leo.

Ní dúirt na Gardaí cad a fuair siad, ámh, de ghrá íogaire an scéil.

Kyran Durnin ar a chéad lá ar scoil

Gabhadh bean sna fichidí an tseachtain seo caite freisin mar chuid d'fhiosrúchán na nGardaí agus ceistíodh í ar feadh dhá lá.

Scaoileadh saor an bhean gan aon chúis a chur ina leith.

Bhí Kyran Durnin sé bliana d'aois nuair a chonacthas go deireanach é i mí na Bealtaine 2022.

Ní go dtí mí Lúnasa na bliana seo, áfach, a cuireadh in iúl do na Gardaí go raibh sé ar iarraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ