Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Aire le cúnamh daonnúil a lorg do na Cealla Beaga

25 SAMHAIN 2024, 18:48

Rinneadh an-damáiste sna Cealla Beaga mar gheall ar an stoirm oíche Dé hAoine seo caite
X Facebook

Dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Peter Burke go n-iarrfadh sé cead ar an gComhaireacht an Scéim Dhaonnúil Éigeandála Tuilte a chur ar fáil arís do dhaoine sna Cealla Beaga i gCo Dhún na nGall ar bhonn práinne.

Rinneadh an-damáiste sna Cealla Beaga mar gheall ar an stoirm oíche Dé hAoine seo caite.

Thit crann trasna na habhann mar gheall ar ngaoth mhór agus cuireadh an tuile ar mhalairt slí tríd an mbaile dá bhíthin.

Bhí Sráid an Droichid faoi mhéadar uisce agus rinneadh damáiste do shé theach déag, naoi ngnóthas agus roinnt feithiclí.

I measc na ngnóthas a ndeachaigh an t-uisce isteach iontu bhí dhá ionad gruagaireachta, oifig ceantálaí, ionad radharceolaí, neachtlann agus oifig na Roinne Leasa Sóisialaí.

Dúirt an comhairleoir contae neamhspleách Niamh Kennedy gur ar ámharaí an tsaoil nár gortaíodh duine ar bith sna tuilte agus mhol sí oibrithe na Briogáide Dóiteáin agus na Comhairle Contae as a ndícheall a dhéanamh maoin a chosaint.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ