Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

An cúigiú lá de chuardach do bhean óg i gCuan na Gaillimhe

16 SAMHAIN 2024, 18:57

Tá Máire Ní Fhátharta as an Spidéal ar iarraidh ó chuaigh sí ag snámh Trá na gCeann i mBearna i h maidin Dé Máirt
X Facebook

Cúig lá atá caite anois ag pobal Chois Fharraige i gCo. na Gaillimhe agus ag foirne tarrthála ag cuardach Mháire Ní Fhátharta, a chuaigh ar iarraidh ó Thrá na gCeann, gar do Bhearna Dé Máirt na seachtaine seo.

Tá an oibríocht tarrthála á stiúradh ag Garda Cósta na hÉireann, ag Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála agus ag an nGarda Síochána. Tá os cionn 500 duine as Deisceart Chonamara agus as Cathair na Gaillimhe tar éis páirt a ghlacadh sa chuardach leis, le cúig lá anuas, úinéirí bád agus clubanna cadhcála ina measc.

Tá iarrtha ag na Gardaí ar an eagraíocht Tarrtháil Sléibhe na Gaillimhe díriú ar chósta Thuaidh an Chláir inniu agus amárach.

I gConamara, tá a mbuíochas gafa ag muintir Mháire Ní Fhátharta leis na sluaite atá i mbun cuardaigh agus tá os cionn €150,000 bailithe ar líne go dtí seo don bhfeachtas tarrthála. Deir teaghlach Mháire go mbronnfar an t-airgead ar eagraíochtaí deonacha a thug lámh chúnta do na seirbhísí éigeandála i gcaitheamh na seachtaine.

Leanfar ar aghaidh leis a gcuardach do Mháire Ní Fhátharta amárach.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar Nuacht TG4 ag a 7 a chlog.