Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

8 mbliana príosúin ar éigniú agus smachtú comhéigneach mná

21 DEIREADH FÓMHAR 2024, 17:15

Kathleen Correia ag labhairt tar éis na cúirte tráthnóna.
X Facebook

Tá 8 mbliana príosúin gearrtha ar fhear 48 bliain d'aois as éigniú agus smachtú comhéigneach a mhná céile.

Cúpla mí ó shin a chiontaigh giúiré Sergio Correia, a bhí ina chónaí in Ard an Rátha i gCo Dhún na nGall.

Sergio Correia

Labhair a iar-bhean chéile Kathleen Correia tar éis na cúirte tráthnóna agus dúirt sí nár cheart go mbeadh faitíos ar dhaoine labhairt amach má tharlaíonn droch-rud sa mbaile.

hInsíodh don ghiúiré gur casadh an lánúin ar a chéile sa bPoirtingéil i 2016 agus gur phós siad i 2012.

Bhí dúshláin luath go maith acu a dúirt an Breitheamh Melanie Greally, ina measc go raibh Sergio Correia ag súil go mbeadh caidreamh collaí eatarthu níos minicí, rud a chothaigh aighneas.

D’aistrigh an teaghlach go dtí an Phoirtingéil i 2018 ach níor éirigh leo agus d’fhill siad ar Éirinn i 2019.

Ina dhiaidh sin bhí olc ar Sergio Correia go raibh laghdú ar theacht isteach an teaghlaigh agus chuir sé an locht ar a bhean.

Cheill sé go raibh sé féin ag tógáil drugaí. Bhí sé cantalach go minic.

Cheap sé go raibh caidreamh collaí ag gabháil dó nuair a thograigh sé féin é agus muna raibh a bhean sásta an caidreamh sin a bheith aici go laethúil nach bean chéile cheart a bhí inti.

Bhagair sé uirthi go mbeadh uirthi géilleadh má bhí sí ag iarraidh go mairfeadh an pósadh.

I 2019 theip ar mheabhairshláinte Kathleen Correia. Chaill sí meáchan agus bhí sí ag fulaingt le neamhord itheacháin.

Is nuair a bhí sí faoi chúram seirbhísí meabhairshláinte a fritheadh amach faoi na líomhaintí faoin smachtú agus éigniú le 9 mí roimhe sin.

Chiontaigh an giúiré Sergio Correia i 2 chúis éigniú i 2019.

Sa dá chás chuala an Chúirt gur éignigh Sergio Correia a bhean chéile faoi dhó sa tóin, cé go dhúirt sise arís is arís eile leis nach raibh sé uaithi agus cé go dhúirt sí leis stopadh agus go raibh sé á gortú.

Dúirt an Breitheamh Greally gur léirigh ráiteas tionchair íospartaigh Kathleen Correia na hiarmhairtí a d’fhulaing sí agus an briseadh croí a bhain leis an gcíor thuathail.

Ní raibh uaithi a dúirt an Breitheamh di féin agus dá clann óg ach áit ghrámhar, shábháilte ach ina áit sin d’fhulaing sí smachtú agus íde agus éigniú.

Thug an Breitheamh suntas don tuairisc promhaidh a thug le fios go raibh an-trua ag Sergio Correia dó féin, gur beag tuisceana a bhí aige ar na hiarmhairtí a bhí ag an méid a rinne sé, agus go raibh baol ann gur mar sin a bheadh sé arís amach anseo i gcaidreamh le duine éigin eile muna dtéann sé i ngleic lena chuid iompair.

Ghearr an Breitheamh Greally 9 mbliana go leith príosúin air ach chuir sí bliain go leith dhe ar fionraí ar an gcoinníoll go nglacann Sergio Correia páirt i gcláir éagsúla cóireála d’fhoréigean sa mbaile agus d’andúil.