Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Dáta an Toghcháin le socrú anocht ag ceannairí an Rialtais

21 DEIREADH FÓMHAR 2024, 12:50

An Taoiseach ag seoladh tuarascáil Thascfhórsa Bhaile Átha Cliath in ArdOifig an Phoist tráthnóna.
X Facebook

Anocht ag a gcruinniú seachtainiúil atá ceannairí an 3 pháirtí sa gcomhrialtas le dáta an olltoghcháin a phlé.

Tá sé ráite le seachtain ag Micheál Martin Fhianna Fáil agus Roderic O'Gorman Chomhaontas Glas gur mian leo go mbeadh soiléiriú ar an scéal an tseachtain seo.

Tá an Taoiseach, Simon Harris Fhine Gael, tar éis a thabhairt le fios gur roimh dheireadh na bliana a bheidh deis ag daoine a vóta a chaitheamh.

Dúirt Simon Harris inniu nach raibh Roderic O’Gorman tar éis bob a bhualadh air nuair a dúirt ceannaire Chomhaontas Glas go mbeadh an 29ú Samhain oiriúnach.

"Gan a bheith cantalach faoi" a dúirt Simon Harris "is é sainphribhléid an Taoisigh olltoghchán a fhógairt ar lá cuí."

Dheimhnigh sé freisin gur ag seasamh astu féin a bheadh Fine Gael gan aon socrú a bheith ann faoi vótaí a aistriú chuig páirtithe eile an Rialtais.

Ag labhairt dó i gCorcaigh tráthnóna dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil sé ráite le fada aige gur bhfearr don Rialtas an cúrsa a chríochnú mí Feabhra ach dúirt sé nach gcuirfeadh sé in aghaidh an toghcháin a bheith ann i mbliana ach obair shuntasach ó thaobh reachtaíochta a bheith críochnaithe.