Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

Glaonna éigeandála casta don ghiúire i dtriail Dhiarmuid Phelan

18 DEIREADH FÓMHAR 2024, 17:44

Tá dúnmharú curtha i leith an fheirmeora agus abhcóide Diarmuid Phelan
X Facebook

Cuireadh fianaise faoi bhráid na giúire inniu i dtriail Dhiarmuid Phelan - abhcóide agus feirmeoir a bhfuil dúnmharú curtha ina leith - de ghlaonna gutháin ar 22 Feabhra 2022, inar insíodh do na seirbhísí éigeandála gur caitheadh fear ar fheirm i dTamhlacht.

Bhí na deora le teaghlach an fhir a maraíodh - Keith Conlon, 35 bliain d'aois - nuair casadh taifeadadh de na ghlaonna don ghiúire agus b’éigean dóibh an seomra cúirte a fhágáil.

Séanann Diarmuid Phelan, atá 56 bliain d’aois, gur dhúnmharaigh sé Keith Conlon ar a fheirm féin, Feirm Gharrán an Choill, Lána Choillte Leamháin i dTamhlacht.

Deir sé gur ag iarraidh é féin a chosaint a bhí sé nuair a scaoil sé urchair, ach gur mharaigh sé Keith Conlon de thaisme.

Bhí Keith Conlon 35 bliain d'aois nuair a fuair sé bás

Ach deir na hionchúiseoirí go raibh sé ar intinn ag Diarmuid Phelan Keith Conlon a mharú, nó díobháil mhór a dhéanamh dó.

Casadh trí ghlaoch gutháin sa chúirt. Léirigh siad go ndeachaigh Diarmuid Phelan i dteagmháil leis na Gardaí ar dtús ag 1:05pm. Mhair an glaoch sin trí noiméad.

D’inis sé do na Gardaí le linn an ghlao sin go raibh ionróirí ar a fheirm agus d’iarr sé ar na Gardaí teacht go práinneach. Dúirt sé leis na Gardaí gur lámhaigh agus gur mharaigh sé madra, mar ar dtús, cheap sé nach raibh aon duine in éindí leis an madra agus go raibh sé inmníoch faoi na caora ar a fheirm féin dá bharr. D’inis sé do na Gardaí go raibh úínéirí an mhadra anois ar buille mar gheall ar go raibh an t-ainmhí maraithe aige.

Casadh taifeadadh de thrí ghlao gutháin don ghiúire sa Phríomhchúirt Choiriúil inniu

Dúirt sé leis na Gardaí go raibh imní air go n-éireoidís foréigeanach. "Táimid siad ag teacht i mo threo anois", a deir sé ar an nglaoch, "ní thig liom déileáil leis na fir seo."

Bhí Diarmaid Phelan le cloisteáil ar an nglaoch ag rá leis na fir, "tá fios curtha ar na Gardaí anois. Beidh oraibh déileáil leo siúd."

Noiméad ina dhiaidh sin, chuir bean a bhí ag obair ar an bhfeirm – Hannah Felgner – glaoch eile ar na seirbhísí éigeandála, ag lorg otharchairr.

Ag 1:12pm, chuir fear eile an tríú glaoch ar na Gardaí. Dúirt sé leis na Gardaí gur caitheadh a chara "faoi bhéal an ghunna" agus gurbh é an feirmeoir a rinne é.