Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Nuacht TG4

 

"Níor thuig mé gur ag fágáil slán ag a chéile a bhíomar"

18 DEIREADH FÓMHAR 2024, 12:19

X Facebook

Tá sé ráite ag an amhránaí Niall Horan, gurb as an Muileann gCearr i gContae na hIarmhí dó, go mbeidh cuimhne a dhlúthchara, Liam Payne, leis go deo. Inniu a d'eisigh Niall Horan a chéad ráiteas i ndiaidh bhás Liam Payne Dé Céadaoin.

Fuair an t-amhránaí, 31 bliain d’aois, bás nuair a thit sé de bhalcóin ar an tríú hurlár d’óstán a raibh sé ag fanacht ann i bpríomhchathair na hAirgintíne, Buenos Aires.

Bhí Niall Horan agus Liam Payne araon ina mbaill den bhanna ceoil One Direction. Cúigréad ab ea iad agus ba iad Zayn Malik, Louis Tomlinson agus Harry Styles na baill eile den ghrúpa.

D'fhreastail Liam Payne ar cheolchoirm Niall Horan in Buenos Aires coicís ó shin.

An grianghraf deireanach dó fhéin a chuir Liam Payne ar na meáin shóisialta

Phostáil Niall Horan grianghraf dó féin agus Liam Payne ar Instagram inniu. Scríobh sé leis:

"Táim fíorbhuíoch gur chaith mé am le Liam le gairid. Níor thuig mé ag an am gur ag fágáil slán ag a chéile a bhíomar nuair a thug muid barróg dá chéile ag deireadh mo cheolchoirme. A leithéid de chraic a bhí againn thar na blianta! Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar na hamanntaí sin. Ní minic i do shaol go mbíonn a leithéid de chairdeas agat."

Liam Payne (ar chlé) lena gcomhamhránaithe sa bhanna ceoil One Direction

Deir na póilíní áitiúla in Buenos Aires gur chuir bainisteoir an óstáin ina raibh Liam Payne ag fanacht fios orthu thart ar an am a tharla an tubaiste mar go raibh imní mhór air faoi iompar duine de na haíonna.

Tháinig One Direction chun cinn tar éis dóibh seinm ar an X Factor in 2010 agus bhí an-tóir orthu - i measc déagóirí ach go háirithe - ar fud an domhain.

Bigil lucht leanúna One Direction, i gcuimhne Liam Payne

What Makes You Beautiful agus Story of My Life péire de na hamhráin is mó atá luaite leo.

Chomh maith le hamhráin a chasadh, an-scríbhneoir amhrán ab ea Liam Payne agus chuaigh sé i gcomhar le ceoltóirí eile go minic – leithéidí Ed Sheeran, Charlie Puth and Ryan Tedder, cuir i gcás.

Thacaigh sé freisin le heagraíochtaí carthanachta éagsúla – Ciste na Náisiún Aontaithe do Leanaí, Comic Relief agus Trekstock ina measc.

Labhraíodh sé anois is arís chomh maith ar chúrsaí meabhairshláinte agus ar an ísle brí a thagadh air féin.